An dTé Tú Liom A Rí Bhean Ó

An dté tú liom a rí bhean Ó,
A rí bhean Ó, a rí bhean Ó
An dté tú liom a rí bhean Ó
Anonn go tír na mbeannta.

Ó cíonn tú an rós ag fás fén drúcht
‘S a mhil ag éirí suas ‘na smúit
Bíonn éin ar ghéaga a’ déanamh ceoil
Go binn i dtír na mbeannta.

An dté tú liom a rí bhean Ó,
A rí bhean Ó, a rí bhean Ó
An dté tú liom a rí bhean Ó
Anonn go tír na mbeannta.

Chíonn tú an gleann ‘na raibh mé óg
Nuair a bhí mo chroí go mbríochmhar cróga
Fé bhfuaireas eolas riamh ar bhrón
Nó leon i dtír na mbeannta.

An dté tú liom a rí bhean Ó,
A rí bhean Ó, a rí bhean Ó
An dté tú liom a rí bhean Ó
Anonn go tír na mbeannta.

Chíonn tú creaga gruama ard
Na néalta ag scuabadh ar a mbarr
Bíonn fuaim na n-alt ag rith le gáir
Go tráigh i dtír na mbeannta.

An dté tú liom a rí bhean Ó,
A rí bhean Ó, a rí bhean Ó
An dté tú liom a rí bhean Ó
Anonn go tír na mbeannta.

Published by Stór Oidhreachta na nDéise

Tá Comhlucht Forbartha na nDéise ag obair i dtreo cur chun cinn na Gaelainn agus pobail i nGaeltacht na nDéise ó 2005 ar aghaidh.

Freagra

Ní fhoilseofar do sheoladh ríomhphoist. Feicfidh tú an comhartha * le hais gach réimse atá riachtanach

This site uses Akismet to reduce spam. Learn how your comment data is processed.