Tá an samhradh ag sileadh a shéada inniu ar fud oileán na naomh Tá an ghrian ag soilsiú go gléigeal is ag líonadh le haoibhneas an tír; Ó is minic mé ag smaoineamh ar philleadh ar ais ionsar chairde mo chléibh I measc suáilcí sona mo chine ina gcónaí fá chruacha na hÉireann Curfá: CruachaAn chuid eile de “CRUACHA GLAS’ NA hÉIREANN”
Author Archives: Stór Oidhreachta na nDéise
Gael Mise
Gael mise. Nach uasal sin? Gael i mo chroí, Gael i mo mheon, Gael ó mo sheadht sinsear Gael. Gael mise aguss mé á mhaíomh Dúshlán fán domhan uile cine Gael a shárú. Dob’uasal mo shean agus mo shinsear, Ba mhaith a bhfoghlaim i leabhair agus i scoileanna, Ba chruinn a gciall i gcomhairlí. BaAn chuid eile de “Gael Mise”
Caoineadh na dTrí Mhuire
A Pheadair, a Aspail,An bhfaca tú mo ghrá geal?Óchón agus óchón-ó!Chonaic mé ar ball é,Gá chéasadh ag an ngarda.Óchón agus óchón-ó! Cé hé an fear breá sinAr Chrann na Páise?Óchón agus óchón-ó!An é n-aithníonn tú do Mhac,A Mháthrín?Óchón agus óchón-ó! An é sin an MaicínA hoileadh in ucht Mháire?Óchón agus óchón-ó!An é sin an MaicínAAn chuid eile de “Caoineadh na dTrí Mhuire”
Tá’n coileach ag fógairt an lae
Tá’n coileach ag fógairt an lae,Tá’n coileach ag fógairt an lae,Tá’n mhuc ag an doras ag iarraidh é oscailt,Tá’n coileach ag fógairt an lae. Tá’n coileach ag fógairt an lae,Tá’n coileach ag fógairt an lae,Tá’n chearc is a hál ina gcoladh go sámh,Tá’n coileach ag fógairt an lae. Tá’n coileach ag fógairt an lae,Tá’n coileachAn chuid eile de “Tá’n coileach ag fógairt an lae”
Rinn Ua gCuanach
Do chaitheas mí ‘s ba bhreá liom í,Cois mara thoir sa Rinn;Is ann atá na daoine breá,‘Gus ceol na néan go binn;‘Sí an Ghaoluinn ‘bhíonn dá labhairt go cruinnAg daoine abhus is thall,Ón sliabh dubh-ghlas thá siar ó dheas,Go Baile beag na nGall Rinn Ó gCuan, tá ar thaobh an chuain,Le hais Dún Garbhán;Bíonn GaoluinnAn chuid eile de “Rinn Ua gCuanach”
Cailín Álainn
Tá cailín álainn a dtug mé grá di;‘Sí ‘s deise ‘s áille ná bláth ná rós.Gan í ar láimh liom is cloíte ‘tá mé –A chailín álainn, is tú fáth mo bhróin. Curfá:A chailín álainn a dtug mé grá duit,Bí ar láimh liom, a mhíle stór;Is abair liomsa gur tú mo ghrá geal,Is beidh ormAn chuid eile de “Cailín Álainn”
Plúirín na mBan Donn Óg
Dá dtiocfá liomsa go Contae LiotroimA phlúirín na mban donn ógDo bhéarfainnse mil bheach agus meádh mar bhia dhuitA phlúirín na mban donn ógBradán gheala do bhéarfainn aniar chugatFíon agus beoir le n-ól ina dhiaidh siúdCead codalta go séimh ar leaba chlúimh éin duitA phlúirín na mban donn óg. Do bhéarfainn aer na long, naAn chuid eile de “Plúirín na mBan Donn Óg”
Na hIontaisí
A’ bhfaca tú an t-iontas do chonacsa Luan CáscaMadra rua ag fiach agus diallait ón Spáinn airPoc fia ar a mhuin thiar is é seinm ar chláirsighDamhán alla is cóir aige is é ag tógaint caisleáin dóibh. Curfá: Is m’anamsa deidireo dillín ó déireo,M’anamsa deidireo dillín ó déireo,M’anamsa deidireo dillín ó déireo,Babaró, deirimse is déanaimisAn chuid eile de “Na hIontaisí”
Jimmy Mo Mhíle Stór
Bliain is an taca so d’imigh uaim rún mo chléibh,Ní thiocfaidh sé abhaile go dtabharfaidh sé cursa an tsaoilNuair a chífead é rithfead le fuinneamh ró-árd ina chómhair,Is clúideod le mil é, ‘sé Jimmy mo mhíle stór. Bíonn m’athair s’mo mháthair ag bearradh is ag bruíon liom féin,Táim giobaithe, piocaithe, ciapaithe, cráite dem shaolThugas taithneamhAn chuid eile de “Jimmy Mo Mhíle Stór”
Gráinne
Cé hí siúd a chím ag tarraingt chugainn aníos?Nó fós cad is brí lena cuairt chugainn?‘Sí Gráinne Mhilis Mhaol í, a chaill a teanga féin,Is atá chugainn go tréan ar a tuairisc. Curfá:Ó labhair leí go séimh deas i dteanga bhinn na hÉireann,Is tabharfadsa an chailc is an clár liom;Ná bíodh eagla ar an mbé,An chuid eile de “Gráinne”