Cailín Álainn

Tá cailín álainn a dtug mé grá di;
‘Sí ‘s deise ‘s áille ná bláth ná rós.
Gan í ar láimh liom is cloíte ‘tá mé –
A chailín álainn, is tú fáth mo bhróin.

Curfá:
A chailín álainn a dtug mé grá duit,
Bí ar láimh liom, a mhíle stór;
Is abair liomsa gur tú mo ghrá geal,
Is beidh orm áthas in áit an bhróin.

Nuair a éirím amach go huaigneach
Siúd é an uair is mó mo bhrón;
Bím ag smaoineamh ar a’ gcailín uasal
Atá ‘ bhfad uaimse, mo chreach is mo bhrón!

Dá dtiocfá liomsa, a chailín álainn,
Arís go brách ní bheadh ort brón;
Sheinnfinn ceol duit mar cheol na cláirsí
Nó ceol binn an smóilín san drúcht geal ceo.

Published by Stór Oidhreachta na nDéise

Tá Comhlucht Forbartha na nDéise ag obair i dtreo cur chun cinn na Gaelainn agus pobail i nGaeltacht na nDéise ó 2005 ar aghaidh.

Freagra

Ní fhoilseofar do sheoladh ríomhphoist. Feicfidh tú an comhartha * le hais gach réimse atá riachtanach

This site uses Akismet to reduce spam. Learn how your comment data is processed.