Dá mBeadh Agam Ór

Dá mbeadh agam ór ‘s airgead ní fhanfainn anseo trí seachtaine
In achrann leis an ndealbhas ach thógfainn tí thar teorainn.
Fallaí árda marmair, fuinneóga breátha geala air,
Ór|náidí an tsaoil ann bailithe, is chuirfinn díom chun bóthair.

Thógfainn seól chun farraige go mbeadh an domhain fém’ aitheantas,
Fáilte in gachhalla rómham, is gan cip ná glas ar dhóirse.
Ach cad a dhéanfainn fhéin lem’ asailín, is lem’ ghabhar a thugadh bainne dom’
An botháinín is an garraí beag,’ an cat ‘san gadhairín gleóite?

‘Sé crá an tsaoil seo an t-airgead, bíodh sé gann nó fairsing ‘gat.
Beidh rud go deó in easnamh ort mar an gobadán sa sceóilín.
Fallaí árda marmair, fuinneóga breátha geala air,
Or|náidí an tsaoil ann bailithe, is chuirfinn díom chun bóthair.

Published by Stór Oidhreachta na nDéise

Tá Comhlucht Forbartha na nDéise ag obair i dtreo cur chun cinn na Gaelainn agus pobail i nGaeltacht na nDéise ó 2005 ar aghaidh.

Freagra

Ní fhoilseofar do sheoladh ríomhphoist. Feicfidh tú an comhartha * le hais gach réimse atá riachtanach

This site uses Akismet to reduce spam. Learn how your comment data is processed.