Rinn Ua gCuanach

Do chaitheas mí ‘s ba bhreá liom í,
Cois mara thoir sa Rinn;
Is ann atá na daoine breá,
‘Gus ceol na néan go binn;
‘Sí an Ghaoluinn ‘bhíonn dá labhairt go cruinn
Ag daoine abhus is thall,
Ón sliabh dubh-ghlas thá siar ó dheas,
Go Baile beag na nGall

Rinn Ó gCuan, tá ar thaobh an chuain,
Le hais Dún Garbhán;
Bíonn Gaoluinn bhreá ansan gach lá,
‘S ní hé sa lá amháin;
Bíonn rince is greann san oíche ann,
‘Scéalta ó Mhicil fhéin,
I gcaint glann chruinn go blasta binn,
Is breá le macaibh léinn.

An áit go léir tá geal soiléir,
‘S na radhairc go hálainn breá;
Ach thá buaite ann ar radhairc an domhain
Ag an ngrian dul fé geal-lá;
Taobh thiar den sliabh mar a chuaigh sí riamh
Ina leaba óir bhréa bhuí.
‘Sea bhíonn gan scáil an radharc le fáil,
Ag dul don ghrian ‘na luí.

Bíonn samhraidh buan ar thaobh an chuain,
‘Gus fuacht ní bhíonn ‘sa ló;
Chun tumtha snámh, nó luascadh cnáimh,
Thá’n áit oiriúnach bhreá;
Is ann nach baol duit gairid-shaol
‘S an t-aer sláintiúil folláin;
Áit fairsing buan ‘sea Rinn Ó gCuan;
Le hais Dún Garbhán.

Published by Stór Oidhreachta na nDéise

Tá Comhlucht Forbartha na nDéise ag obair i dtreo cur chun cinn na Gaelainn agus pobail i nGaeltacht na nDéise ó 2005 ar aghaidh.

Freagra

Ní fhoilseofar do sheoladh ríomhphoist. Feicfidh tú an comhartha * le hais gach réimse atá riachtanach

This site uses Akismet to reduce spam. Learn how your comment data is processed.