Tráthnóna Aoine
Sa Deireadh Fómhair dubhach
Beirt chara óg
Ag seoladh a gcurrach amach
Athar duine acu
Ag Amharc go géar
Ón aill iargúlta
Na líonta á dtarraingt isteach
Is iad á dtarraingt aníos
Mo thrua é an lá
A tharla an bá
Mé féin is mé suite
Faoi theallach adhanta
I gcompórd fothai
Ó threascairt na dtonn
Nuacht a chrith mo cholainn
Is do reoigh mo chroí
Nuair a seoladh iad chun cuan
Le Páidín Breathnach
Taifead:
Turning of a Day, Wren Records Ireland; 2006 – Arcanadh