Ailliliú na Gamhna

Is iníon d'aoire mé féinig gan amhras
Do bhíodh ina cónaí cois taobh na leamhna
Bhí bóthán agam féin ann is fuinneog i gceann de
Fad a bhíodh an bainne 'téamh agam 'sa ghlaochfainn ar na gamhna.


Aililiú na gamhna na gamhna bána
Aililiú na gamhna na gamhna b'iad a b'fhearr liom
Aililiú na gamhna na gamhna geala bána
Na gamhna maidin shamhraidh ag damhsa ar na bánta


Faightear domsa cana is faightear dom buarach
Is faightear domsa soitheach ina gcuirfead mo chuid uachtair
Ceolta sí na cruinne bheith á síorchur i m'chluasa 
Ba bhinne liomsa géimneach na ngamhna ag teacht chun buaile


Cúrfá


Rachaimíd ar an aonach is ceannóimíd gamhna
Is cuirfimíd ar féar iad amach ins na gleannta
Íosfaidh siad an féar is barr an aitinn ghallda
Is tiocfaidh siad abhaile chun an bhainne i gcóir an tsamhraidh.



Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Ceangal le %s

This site uses Akismet to reduce spam. Learn how your comment data is processed.

Molann %d blagálaí é seo: