Táimse im’ Chodladh

Tráthnóinín déanach i gcéin cois leasa dom. Táimse i m’ chodhladh is ná dúisigh mé. Sea dhearcas lem’ thaobh an spéirbhean mhaisiúil. Táimse i m’ chodhladh is ná dúisigh mé. Ba bhachallach péarlach dréimreach barrachas A carnfholt craobhach ag titim léi ar bhaillechrith ‘S í ag caitheamh na saighead trím thaobh do chealg mé. TáimseAn chuid eile de “Táimse im’ Chodladh”

Margaret na hEaglaise

Dúirt Margaret lena master dá gceannódh sé bó bhainne dhi Go ndéanfadh an t-im ab fhearr bhí i nDonn Garbhán tigh an mhargaidh; Go mbeadh sé inniúil d’aon taster in Éirinn nó in Sasana Mar thug sé chun an svae leis ó dairy-bhean na mainistreach. Is an chéad fheircín ‘ dhein Margaret bhí cáithníní isAn chuid eile de “Margaret na hEaglaise”

Máirtín a’ Bháille

Ag góilt amach dom tráthnóinín aerach, thugamar féin an samhradh linn, gan neach ‘om’ ghóilt ach mé ag taisteal im’ aonar, thugamar féin an samhradh linn; casadh im’ chuaird liom beirt áiléadach, thugamar féin an samhradh linn, ar thaobh na gréine de chnocán Paorach, thugamar féin an samhradh linn. Curfá Thugamar, thugamar, thugamar, thugamar, thugamarAn chuid eile de “Máirtín a’ Bháille”

Fuaireas-sa cuireadh

Fuaireas-sa cuireadh chun dul ar a’ bpósadh Hacstaí micidí hicidí hum, Is olc a chuaigh an cuireadh san dómhsa Hacstaí hódaí micidí hicidí hum, Dhódh mo stocaí ’gus ghoideadh mo bhróga Hacstaí micidí hicidí hum, Agus thit mo bhean in oighean na feola Hacstaí hódaí micidí hicidí hum. Ní bhfuaireas-sa scian ná forc chun aAn chuid eile de “Fuaireas-sa cuireadh”