An Cailín Deas Rua

Ar m'aisling 'dom féin aréir 's mé 'm leaba trí 'm shuan;
Go rabhas dul 'om phosadh lem stór chroí go h-intinneach suairc,
Bhí rince gus ceol go leor dá spreagadh lem chluais,
Agus céad giní óir ar an mbórd lem Chailín Deas Rua.


'Sé Tiobraid Árann a dh'fhágas ar maidin Dé Luain;
Níor stadas de'n stáir sin go dtáingheas do'n Daingean ar cuaird,
Cé gheobhainn os cionn cláir ach mo ghrá geal 'is í ag imirt ar scuab,
A's ar iompódh an mhadha bhí 'n cíonádh 'ge 'n gCailín Deas Rua.


Siúd ort a Sheáin ní fhágfam an baile ná an cuan,
'S go bhfuil mo chroí cráite gan aon fháil 'gam ar toddy ná a luach,
'S gurb é deir na mná liom go mb'fhearr leo mé marbh san uaigh,
Mara dtréigfead an clár an cáirt 's an Cailín Deas Rua.


Ní thréigfead an clár, an cáirt ná an cnagaire cruaidh,
Ní thréigfead ná Máire an bhean mhánla, sí ainnir na gcuach.
Ar aonach a' Mhárta thugas grá agus taithneamh d'á grua,
A's a rúin cheart mo chléibh ná tréig mé mar gheall ar na buaibh.


Léan ar na buaibh, is buartha a d'fhágaid siad mná,
Bíonn braon ar a ngrua ó Luan go dtí maidin Dé Máirt,
A liacht cailín ciúin stuama nár dhual dóibh imeacht chun fáin
Agus leibidí luaithe ag fáil buacais a's gradaim 'na n-áit


Do chonacas inné in éadach-siopa i bhfad uaim;
Ba bhreá ina Bhénus an spéir-bhean, sí ainnir na gcuach
Níl aon gheallúint sa tsaol ón spéir go dtí 'n talamh anuas
Nár thug sí dhom féin agus tar éis sin d'imigh sí uaim.


Níl aon tslat ins an gcoill ná fuil snaidhm 'na bun nó 'na barr;
Níl aon bhreac ins an linn ná h-éiríonn ar bharr uisce ag snámh;
Níl aon tsagart sa ríocht ná h-éiríonn chun Aifrinn a rá
Ach ó dh'imigh sí uaim, ní mór ná go n-airím an lá.

http://seannos.tg4.ie/baile/amhranaithe/carthach-mac-craith/an-cailin-deas-rua-amhrain-is-ansa-liom/

Taifeadtaí

  • An Tobar Séimh – Cárthach Mac Craith

http://seannos.tg4.ie/baile/amhranaithe/irial-o-c/an-cailin-deas-rua/

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Ceangal le %s

This site uses Akismet to reduce spam. Learn how your comment data is processed.

Molann %d blagálaí é seo: