An Spailpín Fánach

An Spailpín Fánach

Go deo deo arís ní rachad go Caiseal,

Ag díol ná ag reic mo shláinte,

Ná ar mhargadh na saoire im’ shuí cois falla,

Im’ scaoinse ar leataobh sráide.

Bodairí na tíre ag teach tar a gcapaill

Dá bhfiafraí an bhfuilim híreálta.

Ó teanam chun siúil tá’n cúrsa fada,

Seo ar siúl an Spailpín Fánach.

Im’ Spailpín Fánach fágadh mise,

Ag seasamh arm ó shláinte

Ag siúl an drúchta go mocha ar maidin

‘S ag bailiú galair ráithe.

Ní fheictear corrán im láimh chun bainte

Súiste ná feac beag rámhainne,

Ach colours na bhFranncach ós cionn mo leapa

Is pike agam chun sáite.

Mo chúig chéad slán chun dúthaí m’athar,

‘Gus chun an oileáin ghrámhair,

‘S chun buachaillí na Cúlach ós díobh nár mhiste,

In aimsir chasta an gharda ann.

Ach anois ó táim im chadhan bhocht dealbh,

I measc na ndúthaí fáin seo,

‘Sé mo chumha croí mar fuair mé an ghairm,

Bheith riamh im’ Spailpín Fánach.

Published by Stór Oidhreachta na nDéise

Tá Comhlucht Forbartha na nDéise ag obair i dtreo cur chun cinn na Gaelainn agus pobail i nGaeltacht na nDéise ó 2005 ar aghaidh.

Freagra

Ní fhoilseofar do sheoladh ríomhphoist. Feicfidh tú an comhartha * le hais gach réimse atá riachtanach

This site uses Akismet to reduce spam. Learn how your comment data is processed.