Ar Maidin Dé Máirt
Ar Maidin Dé Máirt go tráthúil, chuamar ar bord,
Ar long na gcrann ard, is d’ardaíomar a cuid seol.
Mo chreach is mo chrá, mo chairde go caite fé bhrón,
Ach ‘sé scarúint lem ‘ghrá a d’fhág mé cloíte gan treoir.
Ar fal – a- lal ó– ró–, ar fal- a- lal é—
Ar ꜛfal-a-lal ó² ró–, ar fal- a- lal é—
Ar fal-ꜛa-lal ó– ró– , ar fal- a- lal é
Fal² í² fal ó² ró–, ar fal-a-lal é—
Is trua ná fuil m’amhrán glór-bhinn, fuinniúil, fial,
Go n-éireodh an ceol mar neol thar chnoc agus sliabh.
Go neosfainn gan ghó chomh beo is tá’n dingean im’chléibh,
Dá spreagadh dhom óigbhean is gleoite ‘chasadh liom riamh.
Tá deiseacht is bua le luadh ag ainnir mo ghrá,
A rosca caoin uasal lonrach, ag taitneamh le bádh.
Go stadadh an tonn ó bhualadh ar ghainimh na trá,
Leanfad go buan do stuaire bhinn an chúil bháin.