An Poc ar Buile

Ar mo ghabháil dom siar chun Droichead Uí Mhórdha,
Píce im' dhóid is mé ag dul i meitheal,
Cé chasfaí orm i gcumar ceoidh
Ach pocán crón is é ar buile,
Ailliú puililiú, ailliliú tá an poc ar buile.


Do ritheamar trasna trí ruilleogach
Is do ghluais an comhrac ar fud na muinge
Is treascairt dá bhfuir sé sna tortóga
Chuas ina ainneoin ar a dhroim le fuinneamh.
Ailliú puilliú, ailliliú .....


Níor fhág sé carraig go raibh scót ann
Ná gur rith le fórsa chun mé a mhilleadh,
Is ea ansin do chaith sé an léim ba mhó
Le fána mhór na Faille Brice,
Ailliú puilliú, ailliliú .....


Bhí garda mór i mBaile an Róistigh
Is bhailigh fórsaí chun sinn a chlipeadh
Do bhuail sé rop dá adhairc sa tóin air
Is dá bhríste nua do dhein sé giobal
Ailliú puilliú, ailliliú .....


I nDaingean Uí Chúis le aghaidh an trathnóna
Bhí an sagart paróiste amach 'nár gcoinne
Is é dúirt gurbh é an diabhal ba dhóigh leis
A ghaibh an treo ar phocán buile!
Ailliliú puilliú, ailliliú .....

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Pictiúr Google

Is le do chuntas Google atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Ceangal le %s

This site uses Akismet to reduce spam. Learn how your comment data is processed.

Molann %d blagálaí é seo: