Ar mo ghabháilt dom tré Dhroichead na Tuaire, Is mé ' cur tuairisc' mo stuaire cailín, 'Sea do dhearcas an praip tí in uaigneas, Gan teacht gaoithe anoir air ná aniar. Bhí Polly go ciúin banúil stuama ann Ar leaba i mbun suaimhnis 'na luí, 'S le mo chleasaíocht gur bheartaíos í a dh'fhuadach, Mar go gcóireoinn a cuacha léi síos. A Pholly, ná bíodh doilíos ná gruaim ort Cé go bhfuil tú ar buairimh mar ataoi. Ní dailtín mé a bheathaíodh i ndúthracht Ach scafaire álainn d'fhear groí, Thug searc greann dod' ghealphíob in uaigneas Ar Pholly a dh'fhuadach thar toinn, Is ar arm Rí Shasana ní stríocfainn, Go gcuirfí mé tréithlag sa chill. Gan mhairg 's é an caladh do shnámhaigh sí Lem' scafaire álainn mear groí Ar mhuin capaill ab fhearr a bhí i gCrích Fódhla Is an marcach ba oiliúnta sa tír; Sciob ainnir chiúin chailce thar teorainn Cé go measaim gur óg í mar mhnaoi, A bhfuil lasadh 'na leacain mar na rósaí 'S ná ligfeadh sí an t-óigfhear do chloí. Do dhruideas ar thalamh na béithe Is do leanadar go léir mé ar mo bhonn; Mo thuairisc ní bhfuaireadar in aon áit Nó go dtángadar taobh liom mar a rabhas; Do gheiteas, do phreabas, do léimeas Is do rugas ar mo chaolstailín dhonn; 'S ar mhair riamh de chapaill agena ghaolta' Ní bhéarfadh ar Sheamuis 'na drom.