Idir Deighric is Breo

Idir Deighric is Breo um nóin seal do bhíos,
Ar mo shlí dhom go Tiobrad Árann
Mo speal bhí i gcóir agam óm Hórach mear groí,
Nár bhaine aon díth dona shláinte.
Casadh cailín breá orm bhí óg agus groí,
Raibh a píob is a bráidchnis mar bhán-shneachta ar chraoibh.
D'fhiosraíos an pósta bhí nó an ngeobhadh liom mar ghnaoi,
Go raibh lasair im chroí istigh le grá dhi.

D'fhreagair an bhé úd mé féineach gan mhoill
Tá tú ráigeach id shlí is id ráitibh,
Gan cheal, gan ghléasadh, gan teach ná gan tíos
Is is gairid a leanfaidh an grá dhíot.
Le ráiteas do bhéil ná déin dom aon díth,
Tá bean eile id dhéidhse ag aoireacht bháibín,
Ach fain ar do phréac ag baint féir ar do dhír,
Faid a raghaidh tú go Tiobrad Árann.

D'inniseas don mbé is ní raibh orm moill,
Ná raibh agam riamh bean ná páiste,
Gur i gCaisleán an tSléibhe a bhímse im chónaí,
Is gur William Ó Duibhir mé gan áiteamh.
Tá an chuid eile dem mhuintir ar an dtaobh eile den tír,
I bhfrití na nDéise go tréan i mbun tís,
Ní neosfainnse bréag duit ar aon rud sa saol
Agus gheobhaidh tú mo thuairisc sa mBáinseach.

Nuair a rángas 'on mBáinseach is tigh Mháire Choimín
Do leagas mo speal is mo chlár ann.
Do bhualas an bord agus d'ordaíos mug dí
Agus leaba go luífinn go lá ann.
Bhí gach ní dá áilleacht ar an gclár dúinn dá riar
Puins mhilis láidir is biotáille dá chur tríthi,
Bhíos ag síorchrochadh lámh is ag gáire lem mhnaoi
Nuair a chonaicíos í ag díol bean a' tábhairne.

Tar éis gach ní dá áiríos d'fhágas í ansiúd
Ina codladh sa rúm i dtigh an tábhairne.
Bhogas chun bóthair is threoiríos chun siúil,
Mo chloch is mo phúitse ar mo bhásta.
Le heagla an scéithe nó go ndéanfaí orm díth
Nó go bhfaighfaí mé 'dhaoradh le haon choistí dlí,
Níor tháiníos go dtí'n mBáinseach nó go dtánaigh an fómhar 
Agus siúd mar a scar mé le Máire.

Taifeadtaí

Cárthach Mac Craith – An Tobar Séimh

Pádraig de Faoite – An Grá dod Dhúchas

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Ceangal le %s

This site uses Akismet to reduce spam. Learn how your comment data is processed.

Molann %d blagálaí é seo: