Aililiú na Gamhna

Is iníon d’aoire mé féinig gan amhras

Do bhíodh ina cónaí cois taobh na leamhna

Bhí bóthán agam féin ann is fuinneog i gceann de

Fad a bhíodh an bainne ‘téamh agam ‘sa ghlaochfainn ar na gamhna.

Curfá

Aililiú na gamhna na gamhna bána

Aililiú na gamhna na gamhna b’iad a b’fhearr liom

Aililiú na gamhna na gamhna geala bána

Na gamhna maidin shamhraidh ag damhsa ar na bánta

Faightear domsa cana is faightear dom buarach

Is faightear domsa soitheach ina gcuirfead mo chuid uachtair

Ceolta sí na cruinne bheith á síorchur i m’chluasa

Ba bhinne liomsa géimneach na ngamhna ag teacht chun buaile

Cúrfá

Rachaimíd ar an aonach is ceannóimíd gamhna

Is cuirfimíd ar féar iad amach ins na gleannta

Íosfaidh siad an féar is barr an aitinn ghallda

Is tiocfaidh siad abhaile chun an bhainne i gcóir an tsamhraidh.

Curfá

Published by Stór Oidhreachta na nDéise

Tá Comhlucht Forbartha na nDéise ag obair i dtreo cur chun cinn na Gaelainn agus pobail i nGaeltacht na nDéise ó 2005 ar aghaidh.

Freagra

Ní fhoilseofar do sheoladh ríomhphoist. Feicfidh tú an comhartha * le hais gach réimse atá riachtanach

This site uses Akismet to reduce spam. Learn how your comment data is processed.