Tá mo chroí-se go tláth lag ‘s i lár mo chuid saothair
Tagann lán tocht im chléibhse cé nár mhéin liom é rá
Tá an díbirt i ndán dom ó bháin bheannaibh Éireann
Is fánach mo shaolsa ‘s is déarach mo chás
Is cuimhin liom an tráth úd a ghrá ghil na n-ae istigh
Thugas grá searc is géilleadh dod chaomh roisc thar chách
A Rí ghil na n-árann dob fhearr liom go n-éagfainn
I láthair mo ghaolta is mo bhuachaillín bán.
Tá críoch Inis Failbhe go lánfhad’ i ndaor bhroid
Go cráite ‘s céasta i ngéibhinn na namhad
Nó an fíor nach foláir duit go brách bheith go déarach
A oileáinín bhig mhaorga na naomh is na mbard
Ó guímse go h-ard ar an Ard Athair Naofa
Chun ár agus léir-scrios do dheanamh ar Sheán
Do dhíbir na táinte thar sáile ‘na gcéadta
‘S chuir fán orm féinig óm’ bhuachaillín bán.