Cúirt Bhaile Nua

Is lá breá dhár éiríos ar maidin,
Ag triall dhom ar Chúirt Bhaile Nua,
Cé a d’fheicfinn ach mo Neilí ag gabháil tharam,
Is ba ródheas é a leagan is a snua,
A grua bán ba gile ná an eala,
Ná sneachta mín éadrom an lae,
Is a stóirín, nach trua leat mo chás-sa,
Mar is lag lúbach a d’fhága tú mé.

Is cén t-iontas dhá lasfadh an talamh,
Is cén t-iontas dhá mbrisfeadh mo chroí,
Is cén t-iontas do mo shúile a bheith leata,
Agus a liachtaí deoir a shil siad le mí,
Is tá mise tinn brónach le fada,
Deir mo mhuintir gur athraigh mo shnua,
Ag dearcadh go géar ar an gcailín
Atá ina cónaí i gCúirt Bhaile Nua.

Is tá teachín deas gleoite sa ngleann agam,
Agus bím ann go huaigneach liom fhéin,
Is dhá dtigeadh mo Neilí ar cuairt agam,
Thabharfainn póigín deas milis dhá béal,
Is nach iomaí cailín deas a chraithfeadh lámh liom,
Agus a thiocfadh ar cuairt agam le mí,
Ach dhá bhfaighinnse ór buí na Fraince,
Sí Neilí atá i gceartlár mo chroí.

Is nach iomaí sin sé mhíle bealaigh,
Níos faide ná an baile a mbíonn sí,
Is mé ag smaoineamh ar mo stóirín chaon tSatharn,
Ó mhaidin go titim na hoíche,
A cúilín trom dualach is é fite,
Níos deise ná leagan a súl,
Is má theann tú thar chaol Chonamara,
Táim cinnte nach agam a bheas tú.

Published by Stór Oidhreachta na nDéise

Tá Comhlucht Forbartha na nDéise ag obair i dtreo cur chun cinn na Gaelainn agus pobail i nGaeltacht na nDéise ó 2005 ar aghaidh.

Freagra

Ní fhoilseofar do sheoladh ríomhphoist. Feicfidh tú an comhartha * le hais gach réimse atá riachtanach

This site uses Akismet to reduce spam. Learn how your comment data is processed.