Cill Chais

Cad a dhéanfaimid feasta gan adhmad?
Tá deireadh na gcoillte ar lár;
níl trácht ar Chill Chais ná ar a teaghlach
is ní chluinfear a cling go bráth.
An áit úd a gcónaíodh an deighbhean
fuair gradam is meidhir thar mhnáibh,
bhíodh iarlaí ag tarraingt tar toinn ann
is an t-aifreann binn á rá.

Ní chluinim fuaim lachan ná gé ann,
ná fiolar ag éamh cois cuain,
ná fiú na mbeacha chun saothair
thabharfadh mil agus céir don tslua.
Níl ceol binn milis na n-éan ann
le hamharc an lae a dhul uainn,
ná an chuaichín i mbarra na ngéag ann,
ós í chuirfeadh an saol chun suain.

Tá ceo ag titim ar chraobha ann
ná glanann le gréin ná lá,
tá smúid ag titim ón spéir ann
is a cuid uisce go léir ag trá.
Níl coll, níl cuileann, níl caor ann,
ach clocha is maolchlocháin,
páirc an chomhair gan chraobh ann
is d’imigh an géim chun fáin.

Anois mar bharr ar gach míghreann,
chuaigh prionsa na nGael thar sáil,
anonn le hainnir na míne
fuair gradam sa bhFrainc is sa Spáinn.
Anois tá a cuallacht á caoineadh,
gheibheadh airgead buí agus bán;
‘s í ná tógfadh seilbh na ndaoine,
ach cara na bhfíorbhochtán.

Aicim ar Mhuire is ar Íosa
go dtaga sí arís chughainn slán,
go mbeidh rincí fada ag gabháil timpeall,
ceol veidhlín is tinte cnámh;
go dtógtar an baile seo ár sinsear
Cill Chais bhreá arís go hard,
is go bráth nó go dtiocfaidh an díle
ná feictear é arís ar lár.

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Ceangal le %s

This site uses Akismet to reduce spam. Learn how your comment data is processed.

Molann %d blagálaí é seo: