Do Bhíosa Lá i bPort Láirge

Ó do bhíosa lá i bPort Láirge
Bhí, bhí agus bhí baigh daid
Bhí fíon is puins ar chlár ann
Bhí, bhí agus bhí baigh daid
Bhí lán an tí de mhnáibh ann
Bhí, bhí agus bhí baigh daid
Agus mise ag ól a sláinte
Bhí, bhí agus bhí baigh daid.

Agus d’éalaigh bean ón Ráth liom
Fol-dú / fol-day / fodil-idle um
Agus triúr ó Thiobraid Árann
Fol-dú / fol-day / fodil-idle um
Ní raibh a muintir sásta
Fol-dú / fol-day / fodil-idle um
Ní rabhadar ná leathshásta
Fol-dú / fol-day / fodil-idle um

Agus raghad ‘ón gCarraig amárach
Fol-dú / fol-day / fodil-idle um
Agus tabharfad cailín breá liom
Fol-dú / fol-day / fodil-idle um
Gabhfaimid tríd an mBearna
Fol-dú / fol-day / fodil-idle um
Cuir fios ar shagart láithreach
Fol-dú / fol-day / fodil-idle um

Published by Stór Oidhreachta na nDéise

Tá Comhlucht Forbartha na nDéise ag obair i dtreo cur chun cinn na Gaelainn agus pobail i nGaeltacht na nDéise ó 2005 ar aghaidh.

Freagra

Ní fhoilseofar do sheoladh ríomhphoist. Feicfidh tú an comhartha * le hais gach réimse atá riachtanach

This site uses Akismet to reduce spam. Learn how your comment data is processed.