Dúthaigh Gheal Déise

Nuair a chanfaidh na héanlaith go meidhreach
Is éalóidh an Geimhreadh i gcéin
I ndúthaigh na gcnoc is na gcoillte
Nuair a thiocfaidh a faghairt sa ngréin
Nuair a thiocfaidh na blátha ar ghéaga
Is fáinleoga eásca ón Spáinn
Sea raghad go Dúthaigh Gheal Déise
Mar léise is mór mo bháidh.

Do shiúilíosa sléibhte na hAlban
‘Dir bheanna ‘gus riasca rua
Do shiúilíosa slíombhánta Shasana
Is níor bhfearra-de mé mo dhua
Beann ná bán díobh ní aorfad
Ach déarfad an méid seo os ard
Go mb’fhearra liom Dúthaigh Gheal Déise
Mar léise is mó mo bháidh.

Ach tiocfaidh an aois i gceann tréimhse
Sin deireadh le scléip is le greann
Is caithfimid machnamh a dhéanamh
Ar aingeal ag glaoch sa ngleann
Nuair a bhraithfeadsa fuaire im éigse
Is cruatan an tsaoil ‘om chrá
Sea casfad go Dúthaigh Gheal Déise
Mar léise is buan mo bháigh.

Pádraig Ó Dálaigh a chum

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Ceangal le %s

This site uses Akismet to reduce spam. Learn how your comment data is processed.

Molann %d blagálaí é seo: