Fill A Bhruinneall

Fill a bhruinneall ó fill ó fill
Ó fill a chuisle ó fill ó fill
Tréigse go tapaidh an claon is an chathair
Nó titfeadsa i ngalar gan mhoill gan mhoill
Titfeadsa i ngalar gan mhoill gan mhoill
Nó titfeadsa i ngalar gan mhoill gan mhoill
Tréigse go tapaidh an claon is an chathair
Nó titfeadsa i ngalar gan mhoill gan mhoill.

Cá hionadh mé léanmhar fé chrá fé chrá
‘S tusa i gcéin uaim a ghrá, a ghrá
Gleann Chuilinn bhí ceolmhar anois chím faoi bhrónbhrat
‘S mar an bhliain fhada dhomsa gach lá gach lá
Mar an bhliain fhada dhomsa gach lá gach lá
Mar an bhliain fhada dhomsa gach lá gach lá
Gleann Chuilinn bhí ceolmhar anois chím faoi bhrónbhrat
‘S mar an bhliain fhada dhomsa gach lá gach lá

Arís dá bhfeicfinn thú a rún a rún
Fém dhéin ag tarraingt ded dheoin ded dheoin
Bheadh gileacht an tSamhraidh sa nGeimhreadh gan amhras
‘S mo chroí bheadh ag damhsa go subhach go subhach
Mo chroí bheadh ag damhsa go subhach go subhach
Mo chroí bheadh ag damhsa go subhach go subhach
Bheadh gileacht an tSamhraidh sa nGeimhreadh gan amhras
‘S mo chroí bheadh ag damhsa go subhach go subhach.

Published by Stór Oidhreachta na nDéise

Tá Comhlucht Forbartha na nDéise ag obair i dtreo cur chun cinn na Gaelainn agus pobail i nGaeltacht na nDéise ó 2005 ar aghaidh.

Freagra

Ní fhoilseofar do sheoladh ríomhphoist. Feicfidh tú an comhartha * le hais gach réimse atá riachtanach

This site uses Akismet to reduce spam. Learn how your comment data is processed.