Ar airíobhar an scéal a bhí ‘gainn um Fhéil’ Bhríde
Nuair a tháinig na capaill ‘sna marcaigh seo taoi’ linn
Fiach an mhadra ‘dhein díobháil na ndaoine,
Curfá:
San rol de dol de dol dí idil dí aidh raidh raidh ró
San rol de dol de dol dí idil dí aidh raidh ró.
Bhí Seán Gealbháin ann ‘s Tomás Ó Mathúna
Bhí, ar m’fhallaing, is fearaibh an dochtúra ann
Bhí Peaid Gríobhtha thíos roimhe ar an Móta.
Curfá:
Bhí Artúr Antaine on tSeanchluain ann
Peaid Tóibín ar ard an tseipéil ann
Mártan Shíocháin, mo ghreidhn go deo é
Mar ‘sé a chuir an madra tré Mhaoil a’Chóirne.
Curfá:
’Risteard Ó Corráin ar dhroim a chapaill
Bhí, ar m’fhallaing, is Liam Ó hArta
Bhí Paidí Sheáin is cá bhfágfaí Meachair.
Curfá:
Bhí Muiris na nGearaltach ar ard a’ talún roimhe
Bhí Seán Treo is cliamhan Nóra Barúin ann
Mná Cheann a’ Bhachalla, is bhodhradar mé ‘liúraigh.
Curfá:
D’fhiachamar linn soir é ‘dtí bharr Fhaill a’ Chláraigh
Siar na cnoic ‘s tré splainc Charraig Álais
Thuas ag an Watch-House do chuireamar i bpoll é.
Curfá: