Gráinne

Cé hí siúd a chím ag tarraingt chugainn aníos?
Nó fós cad is brí lena cuairt chugainn?
‘Sí Gráinne Mhilis Mhaol í, a chaill a teanga féin,
Is atá chugainn go tréan ar a tuairisc.

Curfá:
Ó labhair leí go séimh deas i dteanga bhinn na hÉireann,
Is tabharfadsa an chailc is an clár liom;
Ná bíodh eagla ar an mbé, beidh sí eadrainn araon,
Agus múinfimíd Gaeilge do Ghráinne.

Bhí Gráinne bhocht go tinn ‘s bhí banaltra ina feighil,
A chuir meabhrán is greim uirthi in éineacht;
Do théigh sí leis an mBéarla, do thréigh sí a teanga féin,
Ach ná bímís á héileamh sa mhéid sin.
Curfá

Nach lom í a haghaidh is nach fann í a caint,
Is é an feall mara bhfaighidh sí a sláinte;
Ach cabhraimísne leí agus meallfam an bhé,
Agus tabharfaimíd saor linn ón mbás í.
Curfá

Published by Stór Oidhreachta na nDéise

Tá Comhlucht Forbartha na nDéise ag obair i dtreo cur chun cinn na Gaelainn agus pobail i nGaeltacht na nDéise ó 2005 ar aghaidh.

2 thuairim ar “Gráinne

Freagra

Ní fhoilseofar do sheoladh ríomhphoist. Feicfidh tú an comhartha * le hais gach réimse atá riachtanach

This site uses Akismet to reduce spam. Learn how your comment data is processed.