Jimmy Mo Mhíle Stór

Bliain is an taca so d’imigh uaim rún mo chléibh,
Ní thiocfaidh sé abhaile go dtabharfaidh sé cursa an tsaoil
Nuair a chífead é rithfead le fuinneamh ró-árd ina chómhair,
Is clúideod le mil é, ‘sé Jimmy mo mhíle stór.

Bíonn m’athair s’mo mháthair ag bearradh is ag bruíon liom féin,
Táim giobaithe, piocaithe, ciapaithe, cráite dem shaol
Thugas taithneamh don duine úd dob’ fhinne is dob áille snó,
Ach do chuaigh sé ar bord loinge, ‘sé Jimmy mo mhíle stór.

Ó rachadsa chun coille ‘gus caithead ann an chuid eile de’m shaol,
San áit ná beidh éinne ach ag éisteacht le ceol binn na n-éan,
Ag bun an chrainn chárthainn mar a dh’fásann ann féar go leor,
Ag tabhairt taithnimh don duin’ úd, ‘sé Jimmy mo mhíle stór.

Published by Stór Oidhreachta na nDéise

Tá Comhlucht Forbartha na nDéise ag obair i dtreo cur chun cinn na Gaelainn agus pobail i nGaeltacht na nDéise ó 2005 ar aghaidh.

Freagra

Ní fhoilseofar do sheoladh ríomhphoist. Feicfidh tú an comhartha * le hais gach réimse atá riachtanach

This site uses Akismet to reduce spam. Learn how your comment data is processed.