A’ bhfaca tú an t-iontas do chonacsa Luan Cásca
Madra rua ag fiach agus diallait ón Spáinn air
Poc fia ar a mhuin thiar is é seinm ar chláirsigh
Damhán alla is cóir aige is é ag tógaint caisleáin dóibh.
Curfá: Is m’anamsa deidireo dillín ó déireo,
M’anamsa deidireo dillín ó déireo,
M’anamsa deidireo dillín ó déireo,
Babaró, deirimse is déanaimis rince!
An bhfaca tú an t-iontas do chonacsa an lá úd
Cnoc Mhaoldomhnaigh istigh ar bord árthaigh
Baile na Sagart á tharraingt thar sáile
Táilliúir i mbéal muice is é scuabadh na sráide.
A’ bhfaca tú an t-iontas do chonacsa i mBun Bhóthair
Eascú agus píob aice agus í fada córach
Londubh is claidheamh aige is é ag coimheascar le smólach
Ag Garraí na gCaorach lá gréine ag baint móna.
Do bhíos Aoine an Chéasta ag díol sméar i gCill Chainnigh
Cé chasfaí orm ann ach an Gearrán Bán ‘s é ar buile
Madraí na sráide ‘a rá leis cur chuige
Agus fiach dubh taobh thiar díobh go gliadhrach á phriocadh.
An té chífeadh an t-iontas a chonacsa an lá úd
Eilit a’ ceangal agus eilit a’ cáitheadh
Dhá eilit déag ag déanamh dóibh stáca
Dreoilín agus píc aige ‘s é ag caitheamh chuca anairde.
An bhfaca tú an t-iontas a chonacsa an lá úd
Trí cinn de ghéanna ag baint féir ar an mbuaile
Tiarna na nDéise a’ gabháil éisc ar a’ Lice
‘S Aird Mhór cé gur mór é ag dul suas chun na Cuilce.
Chonacaíos an fharraige curtha fé shíolta
Agus sléibhte dubha Alba ag imeacht ar fuaid tíre
Tuar na Bó Báine ag cogaint na círe
Eochaill ar chóiste ‘s Cúige Uladh ag giollaíocht di.
Féach: http://seannos.tg4.ie/baile/amhranaithe/odi-ni-cheilleachair/na-hiontaisi-amhrain-is-ansa-liom/