Plúirín na mBan Donn Óg

Dá dtiocfá liomsa go Contae Liotroim
A phlúirín na mban donn óg
Do bhéarfainnse mil bheach agus meádh mar bhia dhuit
A phlúirín na mban donn óg
Bradán gheala do bhéarfainn aniar chugat
Fíon agus beoir le n-ól ina dhiaidh siúd
Cead codalta go séimh ar leaba chlúimh éin duit
A phlúirín na mban donn óg.

Do bhéarfainn aer na long, na seol is na mbád duit
A phlúirín na mban donn óg
Fé bharraí na dtonn is sinn ag filleadh ón dtráig
A phlúirín na mban donn óg
Tuilleadh le fáilt go bráth ní dh’iarfainn
Ach a súgradh a’s ag gáire de réir mar ba mhian linn
Rince agus ceol dom’ chailín sciathmhar
‘Sí Plúirín na mban donn óg.

Ó ná bac do bhriathra balbh baoth
Dúirt plúirín na mban donn óg
Mar ní choinneodh do ghlórtha beo gan bia mé
Dúirt plúirín na mban donn óg
Míle céad fearr liom bheith choíche gan aon fhear
Ná bheith ‘siúl na drúchta sna bhfásach leat
Mo chroí nach dtugann duit grá ná gean
Dúirt plúirín na mban donn óg

Féach: http://seannos.tg4.ie/baile/amhranaithe/irial-o-c/pluirin-na-mban-donn-og-sean-nos-na-bhfear-2017/

Published by Stór Oidhreachta na nDéise

Tá Comhlucht Forbartha na nDéise ag obair i dtreo cur chun cinn na Gaelainn agus pobail i nGaeltacht na nDéise ó 2005 ar aghaidh.

Freagra

Ní fhoilseofar do sheoladh ríomhphoist. Feicfidh tú an comhartha * le hais gach réimse atá riachtanach

This site uses Akismet to reduce spam. Learn how your comment data is processed.