Tá’n coileach ag fógairt an lae

Tá’n coileach ag fógairt an lae,
Tá’n coileach ag fógairt an lae,
Tá’n mhuc ag an doras ag iarraidh é oscailt,
Tá’n coileach ag fógairt an lae.

Tá’n coileach ag fógairt an lae,
Tá’n coileach ag fógairt an lae,
Tá’n chearc is a hál ina gcoladh go sámh,
Tá’n coileach ag fógairt an lae.

Tá’n coileach ag fógairt an lae,
Tá’n coileach ag fógairt an lae,
Tá bó na leath-adhairce ‘tál bainne don teaghlach,
Tá’n coileach ag fógairt an lae.

Tá’n coileach ag fógairt an lae,
Tá’n coileach ag fógairt an lae,
Tá’n ghealach ‘na luí is an ghrian ag éirí,
Tá’n coileach ag fógairt an lae.

Published by Stór Oidhreachta na nDéise

Tá Comhlucht Forbartha na nDéise ag obair i dtreo cur chun cinn na Gaelainn agus pobail i nGaeltacht na nDéise ó 2005 ar aghaidh.

Freagra

Ní fhoilseofar do sheoladh ríomhphoist. Feicfidh tú an comhartha * le hais gach réimse atá riachtanach

This site uses Akismet to reduce spam. Learn how your comment data is processed.