Margaret na hEaglaise

Dúirt Margaret lena master dá gceannódh sé bó bhainne dhi
Go ndéanfadh an t-im ab fhearr bhí i nDonn Garbhán tigh an mhargaidh;
Go mbeadh sé inniúil d'aon taster in Éirinn nó in Sasana
Mar thug sé chun an svae leis ó dairy-bhean na mainistreach.

Is an chéad fheircín ' dhein Margaret bhí cáithníní is bhí salachar ann,
Bhí ribí fada fánach' dá dh'fháilt ag an t'rachar ann.
Bhí dhá dheargadaol ann a' léimrigh is ag preabarnaigh
Is seana-cheirt tréigthe ar thaobh síos sa bhairille.

Dúirt Dwyer an taster, "ó, cá bhfuil bean an ime seo - 
Tabhair isteach chugham fhéin í go bhféachfaidh mé níos cruinne uirthi.
An iníon don gcailleach mhaol í a bhíodh ag béicigh leis an uireasa
'S í ag imeacht ar fud an aonaigh le ceaintín ag bailiú dripíngí".
'S anonn 's anall, a Mhargaret, ó shráidín na hEaglaise,
'S anonn 's anall, a Mhargaret, ó shráidín na hEaglaise.

Age Pender seo thuas láimh linn tá'n ardbhacach de valapaeir
Mar thug sí léithe Margaret anairde ar an ngailearaí.
Ní hAifreann ba chás leo ach a' gáire agus a' clabaireacht
Is a' piocadh crústaí aráin ' bhí spáráltha tar éis na seachtaine.
'S anonn 's anall, a Mhargaret, ó shráidín na hEaglaise,
'S anonn 's anall, a Mhargaret, ó shráidín na hEaglaise.


Taifeadtaí

Labhrás Ó Cadhla - Amhráin ó Shliabh gCua

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Ceangal le %s

This site uses Akismet to reduce spam. Learn how your comment data is processed.

Molann %d blagálaí é seo: