Caoineadh na dTrí Mhuire

A Pheadair, a Aspail,
An bhfaca tú mo ghrá geal?
Óchón agus óchón-ó!
Chonaic mé ar ball é,
Gá chéasadh ag an ngarda.
Óchón agus óchón-ó!

Cé hé an fear breá sin
Ar Chrann na Páise?
Óchón agus óchón-ó!
An é n-aithníonn tú do Mhac,
A Mháthrín?
Óchón agus óchón-ó!

An é sin an Maicín
A hoileadh in ucht Mháire?
Óchón agus óchón-ó!
An é sin an Maicín
A rugadh insan stábla?
Óchón agus óchón-ó!

An é sin an Maicín
A d’iompair mé trí ráithe?
Óchón agus óchón-ó!
A Mhicín mhúirneach,
Tá do bhéal ‘s do shróinín gearrtha,
Óchón agus óchón-ó!

Cuireadh tairní maola
trína chosa ‘s trína lámha,
Óchón agus óchón-ó!
Cuireadh an tsleá
Trína bhrollach álainn.
Óchón agus óchón-ó!
Óchón agus óchón-ó!

Published by Stór Oidhreachta na nDéise

Tá Comhlucht Forbartha na nDéise ag obair i dtreo cur chun cinn na Gaelainn agus pobail i nGaeltacht na nDéise ó 2005 ar aghaidh.

Freagra

Ní fhoilseofar do sheoladh ríomhphoist. Feicfidh tú an comhartha * le hais gach réimse atá riachtanach

This site uses Akismet to reduce spam. Learn how your comment data is processed.