CRUACHA GLAS’ NA hÉIREANN

Tá an samhradh ag sileadh a shéada inniu ar fud oileán na naomh

Tá an ghrian ag soilsiú go gléigeal is ag líonadh le haoibhneas an tír;

Ó is minic mé ag smaoineamh ar philleadh ar ais ionsar chairde mo chléibh

I measc suáilcí sona mo chine ina gcónaí fá chruacha na hÉireann

Curfá:

Cruacha glas’ na hÉireann a’ lonrú  i measc coillte craobh,

Ó a charaid, nach méanar, sinne fá dheireadh ag pilleadh thar sáile?

Gaotha grinn dár seoladh, luascadh ar dhroim na mara,

Ó ní fada go mbeimid slán sa bhaile fá chruacha na hÉireann.

Is fada an lá é ó d’fhág muid ár mbaile is ár muintir i mbrón,

Ag dréim lenár málaí a líonadh thar sáile le hairgead is le hór.

Ó nach cuma má tá muid ag pilleadh gan pingin inár bpócaí fá réir

Tá an tsláinte go fóill inár gcnámha, ag pilleadh go cruacha na hÉireann.

Published by Stór Oidhreachta na nDéise

Tá Comhlucht Forbartha na nDéise ag obair i dtreo cur chun cinn na Gaelainn agus pobail i nGaeltacht na nDéise ó 2005 ar aghaidh.

Freagra

Ní fhoilseofar do sheoladh ríomhphoist. Feicfidh tú an comhartha * le hais gach réimse atá riachtanach

This site uses Akismet to reduce spam. Learn how your comment data is processed.