Babaró

Ba mheidhreach séimh céad rún mo chléibh,
In éinfheacht liom-sa tráth,
Babaró ‘gus óró mhíle ghrá.
Ba réidh a chéim ag siúl na sléibhte 
Aniar ó’n ngarra bhán
Babaró ‘gus óró mhíle ghrá.
 
Babaró ‘gus óró mhíle ghrá,
Do rug mo bhuachaill córach uaim thar sáil’
Ach béarfaidh Dia na nGrásta é dom chroí
Ar ais go slán
Babaró ‘gus óró mhíle ghrá.
 
 
An bhfaca tú mo bhuachaill dubh
Is é ag rómhar na mbán?
Babaró ‘gus óró mhíle ghrá.
Níor lonraigh grian ar mhac na bhFiann
Ba ghile snó is bláth
Babaró ‘gus óró mhíle ghrá.
 
Babaró ‘gus óró mhíle ghrá,
Ba chúmhraí é ná plúr sa bhféar ag fás,
Ach chuaigh sé ‘triall na farraige siar
Is d’fhág mo chroí go tláith,
Babaró ‘gus óró mhíle ghrá.

Freagra

Ní fhoilseofar do sheoladh ríomhphoist. Feicfidh tú an comhartha * le hais gach réimse atá riachtanach

This site uses Akismet to reduce spam. Learn how your comment data is processed.