Beir beannacht óm’ chroí go tír na hÉireann, Bán-chnoic Éireann Ó
Chun a mhaireann de shíolra Ír agus Éibhir ar Bhán-chnoic Éireann Ó.
An áit úd ‘narbh aoibhinn binn guth éan
Mar shámh-chruit chaoin a’ caoineadh Gaedhal
Mo chás a bheith míle míle i gcéin ó Bhán-chnoic Éireann Ó.
Bíonn barra bog slím ar chaoin-chnoic Éireann, Bán-chnoic Éireann Ó.
‘S is fearra ná an tír seo díogha gach sléibhe ann, Bán-chnoic Éireann Ó.
Is árd a coillte ‘s is díreach réidh
Is an bláth mar aoil ar mhaoilinn géag,
Tá grá im’ chroí ‘s im’ intinn fhéin do Bhán-chnoic Éireann Ó.
Ní fhaicim a gcóraidh a’ góbhail sa taobh seo, Bán-chnoic Éireann Ó.
Ní fhaicim a mbólacht dá seoladh chun féir ann, Bán-chnoic Éireann Ó.
Ach loingeas dá seoladh le fóir-neart gaoth,
Is carraigí móra go deo lena dtaobh
Go bhfaictas mé fós im’ chóige féin, ar Bhán-chnoic Éireann Ó
Tá gasra líonmhar i dtír na hÉireann, Bán-chnoic Éireann Ó.
D’fearachoin groí ná claoífeadh céadta, ar Bhán-chnoic Éireann O.
Ar m’ath-tuirse chroí mo chaoine ghéar,
Iad ag galla-phoic thíos fé ghreím mo lean,
Is a mbailte dá ríomh fá chíos go daor, Bán-chnoic Éireann Ó.
Donnchadh Rua Mac Conmara do chum