Bhí an mhaidin aoibhinn uabhrach ar bhruach na coille glaise breá Bhí mo ghadhirín liom go hualach ag uaillfheart is mo ghunna im' láimh Do dhearcas chugamsa stuairín na gruaige finne 'san bhrollaigh bháin Agus ábhair dhen bheinsín bainte aici dhen luachra ba deise scáil Is a chailín bhig na luachra, an ligfeasa do bheart ar lár Fá bhruach na coille craobhaigh ag éisteacht le cluain an ghrá Sagart ní bhfaighidh scéal air, ná aoinne dá bhfuil san áit Nó go dtiocfaidh caint don gcéirsigh 'is go n-iontódh an londubh bán Do dh'fhéachas ar na cuanta is bhí ann uaigneas agam ar nóin Is do dhruideas suas lem' stuairín is d'fhuadaíos uaithi cúpla póg 'Sé dúirt sí liom go mómhaireach "Fan suanmhar is ná cuir orm stró Is ná strac mo bheinsín luachra tar éis a fuaireas dá thrioblóid. Má scaipim do chuid luachra ort, is dual go bhfuil fás dá théis Is do bhainfeadsa beinsín úr duit is mór chuid mar thuilleadh léi B'fhearr liom, ar sí seal 'baint luachra ná bheith im' ruaigirt ó aois go bás Do bhábán ar mo ghualainn mé ag cuir 'tuairisc 's gan tú agam le fáil. A chailín deas do b'fhearr liom ós sí bheith lách banúil mín Dá b'pósfainn le caille ghránna mo lámh duit nach mairfinn bliain Nach phósfainn thú a ghrá gheal, a chúl fáinneach na ndriopal ngléar Is chóireoinn nead lán bháith dhuit, chomh álainn is a chonacaís riamh Nár dheas an cailín seomra í tráthnóna 'gus a bris 'na láimh 'Cár deise ná ag crú na mbó í 'sí smóilín í an bhrollaigh bháin Dá dtarraingeodh samplaí cróineach go ró bhreá ar éadaigh chláir Ó cara mo chroí, mo rún í, 'sí mo stóirín í go bhfaighidh mé bás. Bhíosa maidin shamhraidh a’ góilt dom síos go hInse Chóir; Is bhí éin na coille a’ labhairt liom ar an gcrann is iad ag sinniúint ceoil. Nuair a casadh liom-sa m’annsacht ba bhreátha is ba dheise snó Agus thugas searc is greann di, d’réir m’amhras is í bláth na n-ógh. Maidin aoibhinn uaibhreach (nó drúchta) ar bruach na coille glaise breá Is mo ghadhair lem ais ag gluaiseacht, (ó) go huasal is mo ghunna i’m láimh. Nuair a dhearc mé chugham mo stuaire na gruaige finne ’s an bhorlaigh (bhrollaigh) bháin Agus abhar a binsín buainte aici dhen luachra ba ghlaise fás. ‘Is a chailín bhig na luachra ná ligfeása do bheart ar lár Ar bruach na coille uaigní ag éisteacht le guth na gcág? An sagart ní bhfaighidh scéal air ná éinne eile go bhfaighidh mé bás- Nó go dtiocfaidh caint don chéirsigh is go n-iompóidh an londubh bán.’ D’fhéachas ar na cuanta is bhí ann uaigneas agam ar nóin Agus dhruidíos(a) suas lem stuaire agus d’fhuadaíos uaithi cúpla póg. Ach sé dúirt sí liom go huaibhreach ‘fan suanmhar is ná cuir orm stró Is ná scaip mo bhinsín luachra thréis a bhfuaireasa dá thrioblóid.’ ‘A chailín bhig na luachra bí socair agus fan go réidh; Ní cáil duit bheith chún (chomh) uaibhreach ins an uaigneas agus tú leat fhéin. Mar má scapfad-sa ortsa an luachra is dual go bhfuil a thuilleadh a t’ dhéidh (as téig) Agus bainfeadsa bínse úr duit agus mór-chuid mar thuilleadh léi.’ ‘A óig fhir cuirim suas díot is an deabhas maith bheith agat liom, Mar is mó cailín sultmhar suáilceach ag gear-ghol fé dhuilliúr crann. Is go mbfhearr liom seal ag baint luachra am’ ruagaint ó aois go bás Ná do bhábán ar mo ghualainn ag cur do thuairisc is gan tú le fáil.’ ‘Ach sí’n cailín deas ab fhearr liom a bheadh láimh liom thar a bhfacaís riamh Is dá bpósfainn caille ghránna, mó lámh duit ná mairfinn bliain; Ach phósfainn tusa a ghrá ghil, cúl fáinneach na dtriopall ngliar Agus bainfead-sa binse breá dhuit chún (chomh) álainn is a chnoc (chonaic) tú riamh.’ Ó, nár dheas an cailín seomra í Dé Domhna’ agus bris ’na láimh, Is chár dheise ná ag crú na bó í, sí mo stóirín í go bhfaighidh mé bás. Tharraingeodh sí samplaí coróinneach go ró-dheas ar éadaí chláir Agus cara mo chroí mo rún í, sí smóilín an bhrollaigh bháin. Clos Bríd Bean Uí Chionnfhaolaidh á rá mar a thaifead Caoimhín Ó Danachair uaithi é sa bhliain 1948 anso.
http://seannos.tg4.ie/baile/amhranaithe/aodan-o-ceallaigh/an-bhinsin-luachra-corn-ui-riada-2014/