Bean Dubh an Ghleanna

Tá bó agam ar shliabh agus táimse seal ina diaidh
Ó chailleas-sa mo chiall le nuachar
Dá seoladh soir is siar ins gach áit a dtéann an ghrian
Ó mhaidin go mbuíonn tráthnóna.
Nuair a fhéachaim féin anonn ins an áit a mbíodh mo rún ghil
Ritheann óm’ shúile srutha deora
Is a Rí ghil na gcumhacht go bhfóirir ar mo chúis
Mar ‘sí  an bhean dubh ón ngleann don bhreoigh mé.


Bean Dubh an Ghleanna an bhean dubh ab fhearra
An bhean dubh ba deise gáire
‘Bhfuil a píb mar an eala is a grua mar an tsneachta
Is a com seang singil álainn
Níl ógánach cailce ó Bhleá Cliath go Gaillimh
Nó as siúd go Tuam Uí Mheára
Ná fuil ag triall agus ag tarraingt ar eacha donna deasa
Ag tnúth leis an mbean dhubh álainn.


Gheobhainnse bean sa Mhumhain agus triúr ban i Laighin
Agus bean ó Rí geal Seoirse
Ach ‘sí bean na lúbtha buí  a fháiscfeadh  mé lena croí
Bean agus dhá mhíle bó léi
Tá iníon óg an Iarla go tinn dubhach diacrach 
A d’iarraidh mé a fháil le pósadh
Ach dá bhfaighinnse féin mo rogha de chailíní deasa an domhain
Is í an bhean dubh ón ngleann do b’fhearr liom.     


An té chífeadh mo theach ‘is gan de dhíon air ach an sceach
‘S mé im’ shuí amuigh ar thaobh an bhóthair
Nuair a dh’éiríonn suas an bheach is nuair a dhéanann sí a nead 
Le griain is le teas an tSamhraidh
Nuair a dh’éiríonn suas an tslat ní fhanann uirthi aon mheas
Ach ag tnúth leis an mbrainse is óige
Is mo chailín plúrach deas, do dh’éalaigh uaim le spreas
Mo chúig chéad slán go deo leat



http://seannos.tg4.ie/baile/amhranaithe/odi-ni-cheilleachair/bean-dubh-a-ghleanna-amhrain-is-ansa-liom-2/

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Ceangal le %s

This site uses Akismet to reduce spam. Learn how your comment data is processed.

Molann %d blagálaí é seo: