An Droighneán Donn

Síleann céad fear gur leo féin mé nuair a ólaim lionn
Ní airím iad nuair a chuimhním ar do chomhrá liom
Com is míne ná an síoda atá ar Shliabh na mBan Fionn
Nach tá mo ghrása mar bhláth na n-áirne ar an Droighneán Donn

Fuaireas féirín lá aonaigh ó bhuachaill deas
Agus céad rud nach é sin ó phlúr na bhfear
Scaladh chléibhe don té a deireadh nach tú mo shearc
A bhuachaill glégheal is breátha in Éirinn is go n-éalóinn leat.

Is a Dhé Ghil cad a dhéanfainn dá n-imeófá uaim
Cá bhfaighinn eolas chun do thíse dá raghainn ar cuairt
Sneachta séite 's é dhá shíorchur agus mise fá ghruaim
Mná na hÉireann ag déanamh géim díom is mo ghrása i bhfad uaim

A shearc mo chléibhe, ná tréig mé ar airgead ná ór
Is a shearc mo chléibhe ná tréig mé ar mhórán stóir
A rúnshearc ná tréig mé ar thréada breátha bó
‘S gur tú an sárfhear lenar sheol mé mo ghrá go deo.

Más ag imeacht taoi beir mo bheannacht leat is go dté tú slán
Mar is baileach do shladais an croí as mo lár
Níl coite agam a leanfadh tú níl long agam ná bád
Sin í an fharraige 'na tuilte eadrainn is ní h-eol dom snámh

Dá mbeadh bád agam is deas mar a sheolfainn an fharraige anonn
Scríbhfinn chugat líne le barr ar mo pheann
Faraoir géar gan mé 'gus tú a ghrágheal mo chléibh
I ngleanntaibh séimhe le h-éirí gréine is an drúcht 'na luí.

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Ceangal le %s

This site uses Akismet to reduce spam. Learn how your comment data is processed.

Molann %d blagálaí é seo: