Dónall Óg (Leagan 2)

A Dhónaill Óig, má théir thar farraige,
Beir mé féin leat, is ná déan do dhearmad,
Is beidh agat féirín lá aonaigh is margaidh,
Is iníon Rí Gréige mar chéile leapa agat.

'Gus tá mo chroíse chomh dubh le háirne,
Nó le gual dubh a bhuailfí i gceártan,
Nó le bonn seanbhróg ar hallaí bána 
Nó le crann a dtitfeadh an bláth de........

Agus siúd é an Domhnach a dtugas grá dhó,
An tarna Domhnach roimh Dhomhnach Cásca
An sagart ar a ghlúine is é ag léamh na Páise,
Sea bhí mo chroí 'gus m'intinn ag leá le grá dhó.

'Gus céad slán chun bliain is an taca seo,
Snáthaid gan chró ní ghabhfadh sí eadrainn,
Ní mar sin inniu, ghabhfadh carr is capall ann,
Mar a ghabhann an t-Árthach trí lár na farraige.

Gheallais domsa ní ba dheacair duit
Long lá fhéil' Márta faoina crannaíl airgid,
Dhá bhaile dhéag des na bailte margaidh,
'Gus cúirt bhreá aolmhar cois taobh na farraige.

Agus chonaic mé chugham thú 'gus tú sa ngairdín,
I measc na gcrann is na lilí bána,
Dhruideas id choinne 'gus níor dheinis gáire,
'S is ansúd a d'aithníos ná rabhais i ngrá liom.

Is nach deas a thiocfadh súd duit spor is buatais,
Culaith ghlas de dhath na cuaiche,
Hata dubh os cionn do chúl cas gruaige,
'Gus fuip chinn óir a bheith id láimh chun gluaiste.

'Gus bhain tú thoir 'gus bhain tú thiar dhíom,
Bhain tú romham is bhain tú im dhiaidh dhíom,
Bhain tú solas ré 'gus grian dhíom,
'S is rómhór m'eagla gur bhain tú Dia dhíom.

'S a fhir siúd siar na bhfiafraí aite,
Fios mo chúise chughat faoi mhaidin,
A bheith gan máthair is a bheith gan aon athair,
'S a bheith gan deartháirín a ghearánfainn dom easnamh.

'Gus táimse tinn is ní leigheasfeadh léan mé,
Ní leigheasfeadh airgead buí ná bán mé,
Ní leigheasfeadh dochtúirí, fir ná mná mé,
Ach leigheasfeadh póigín a gheobhainn óm ghrá mé.

'Gus cé raghaidh liomsa go teampall Phádraig,
Ag tabhairt an turais úd os cionn mo ghrá bháin,
Níl mo shúil leat inniu ná amárach,
'S, a mhuirnín dílis, mo chúig chéad slán leat.

Is och, ochón, nach trom í an osna,
Och, ochón, nach trom is nach cortha,
Nuair ná feicim i measc na bhfear mo bhuachaill,
A bhfuil scáil a rúin i lár a ghruanna?

'Gus 'sé mo léan gan mise go cionn seacht mbliana,
I seoimrín dorcha na bhfuinneog iarainn,
An glas ar an doras, 's an eochair ar iarraidh,
Is gan aon ghabha le fáil a ghearrfadh an t-iarann.

as Duanaire Déiseach le Nioclás Tóibín

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Ceangal le %s

This site uses Akismet to reduce spam. Learn how your comment data is processed.

Molann %d blagálaí é seo: