An dTé Tú Liom

Ó chíonn tú an rós ag fás fén drúcht
‘S a mhil ag éirí suas ‘na smúit
Bíonn éin ag ghéaga ag déanamh ceoil
Go binn i dtír na mbeannta.

Curfá:
An dté tú liom a rí bhean Ó, 
A rí bhean Ó, a rí bhean Ó
An dté tú liom a rí bhean Ó 
Anonn go dtír na mbeannta.

Cíonn tú an gleann ina raibh mé óg
Nuair a bhí mo chroí go mbríochmhar cróga
Fé bhfuaireas eolas riamh ar bhrón
Nó leon i dtír na mbeannta.

Cúrfá:

Chíonn tú creaga gruama ard
Na néalta ag scuabadh ar a mbarr
Bíonn fuaim na n-alt ag rith le gáir
Go tráigh i dtír na mbeannta.

Freagra

Ní fhoilseofar do sheoladh ríomhphoist. Feicfidh tú an comhartha * le hais gach réimse atá riachtanach

This site uses Akismet to reduce spam. Learn how your comment data is processed.