Nuair a chanfaidh na h-éanlaith go meidhreach
Is éalóidh an Geimhreadh i gcéin;
I ndúthaigh na gcnoc is na gcoillte
Nuair a thiocfaidh a faghairt sa ghréin;
Nuair a thiocfaidh na blátha ar ghéaga
Is fáinleoga eásca ón Spáinn
Sea rachad go Dúthaigh Gheal Déise,
Mar léi-se is mó mo bháidh.
Do shiúilíosa sléibhte na hAlban
‘Dir bheanna ‘gus riasca rua
Do shiúilíosa slíombhánta Shasana
Is níor bhfearra-de mé mo dhua
Beann ná bán díobh ní aorfaidh mé
Ach déarfad an méid seo ós ard
Go mb’fhearra liom Dúthaigh Gheal Déise
Mar léi-se is mó mo bháidh.
Ach tiocfaidh an aois i gceann tréimhse
Sin deire le scéip is le greann
Is caithfimid macnamh a dhéanamh
Ar aingeal ag glaoch sa ngleann;
Nuair a bhraithfaidh mé fuaire i m’thigse
Is cruatan an tsaoil am’chrá
Sea casfad go Dúthaigh Gheal Déise
Mar léi-se is buan mo bháidh.