An Londubh is an Chéirseach

Tá an londubh is an chéirseach,
Is an fhuiseoigín le chéile
Is an smóilín binn bréagach
'Na ndiaidh ins gach aird.
An chuach i measc an mhéid sin
Ag seinm dánta is dréachta
Do chúil trom tais na bpéarla
Is mo chéad mhíle ghrá.

Dá mbeinnse im' smóilín
Do leanfainn tríd an mhóin í,
Mar is ise bláth na h-óige 
Do thógfadh suas mo chroí.
Ó bheinnse 'seinim ceoil di
Ó mhaidin go tráthnóna,
Is céiliúir binn dá cealgadh
'S le mórdháil dá gnaoi. 

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Ceangal le %s

This site uses Akismet to reduce spam. Learn how your comment data is processed.

Molann %d blagálaí é seo: