Maidin cheoch nuair a dh'éiríos
Is do ghabhas amach sna coillte
Is ansúd do bhuail an traighid mé
Ná leigheasfar, faraoir,
Do chualas an bhruinneal mheidhreach
I lúb na coille dhroighnigh,
Is do las mo chroí le greidhin di
Nó gur dea-bhean dhom í.
Nuair a théimse amach ‘sna bánta
‘S nuair a chím chugam mo ghrágheal
A dreach mar rós i ngáirdín
Nó bláth bán ar an gcrann
Is breátha í ná Bhéanus
An uair a dh’fhág sí tréanmhuir
‘S a dá chíoch cruinne glégheal
‘S nárbh éadrom a siúl
Siúil, a chuid, bí ag gluaiseacht
Gan scíth, gan stad gan fuaradh,
Tá an oíche ghairid shamhraidh ann
Is beam araon ag siúl.
Dá rabhamar ar éineacht
I lúb na coille craobhaí
Is ár lámh' ar chom a chéile
Nó go léigfimís chun suain.
A óigfhir álainn, dá mb'fhéidir
Go mb'fhírinne do scéalsa
Do leigheasfainn féin ón bpéin thú
Dá mb'fhéidir liom, a rún.
Ach tá mo charaid ar gach taobh dhíom
Is corrú amach ní fhéadfainn
Mar do chuirid cuntas géar orm
Cá dtéimse chun siúil.
Bhuel aithris dóibh, a spéirbhean
Go rabhasa seal ag válcaeireacht
Go bhfuil do chroíse tinn lag
Is d'intinn go dubhach
Agus gheobhaidh tú mise i m'aonar
I lúb na coille craobhaigh
Is go deimhin má dhéanfair bréag liom
Is déarach mo chás.
Is fíor gur thugas grá duit
‘S nár insíos é dom chairde
‘Sé mo chúig céad míle lán-daigh
Nár éalaís liom
Go dtabharfainn póg is fáilte
Dod’ bhéilín tanaí breá deas
‘S dá chomhartha go bhfuilim i ngrá leat
Seo mo lámh duit a rún
Bhuel is mó de gheallúint bhréige
A thug tú riamh ó do bhéal dhom
Fad a bheidh an ghrian ar Éire
Nó féar glas ag fás.
Ach dá dtreabhfadh caoirigh maola
Ar chúl a gcinn na sléibhte
Ní dhéanfad athrú céile
Agus sin anois mar atá.
Mar sin gléasfaidh mé long seoltaí
Agus raghaidh mé soir go Flóndrais
I measc na dtíortha gallda
Is ‘na dhiaidh san raghad don Spáinn.
Is a mhaighdean mhaisigh mhómharaigh
Ní fhillfidh mé níos mó chugat,
Bíodh do rogha fear pósta leat
A rómharfaidh duit an bán.