Beidh aonach amáireach i gCondae an Chláir, ( x 3)
Is duairt mo ghréasaí go mbeadh sé ann.
Curfá: ‘S a mháthairín an ligfidh tú dtín aonach me ? ( x 3)
A mhúirnín ó, ná héiligh é.
Níl tú a deich nó a haondéag fós (x 3)
Nuair a bheidh tú trídeag beidh tú mór.
Curfá: ‘S a mháthairín…………..
Táim-se i ngrá le greasaí bróg, (x3)
‘S mar a bhfaghaidh mé é, ní bheidh mé beo.
Curfá: ‘S a mháthairín…………..
B’fhearr liom féin mo ghréasaí bróg, ( x 3)
Ná oifigeach airm fé lásaí óir.
Curfá: ‘S a mháthairín………
Tá iníon beag agam-sa is tá sí óg, (x3)
Is tá sí ingrá leis an greasaí bróg,
Curfá: ‘S a mháthairín …………..
Is iomaí bean a phós go h-óg, (x3)
Is a mhair go socair lena greasaí bróg.
Curfá: ‘S a mháthairín…………….
Beidh aonach amárach i gCondae An Chláir, (x3)
Dén mhaith dhom, é ní bheidh mé ann.
Curfá: ‘S a mháthairín………………