Tá cailín óg ar m’eolas is taithníonn sí go mór liom
Is tá ‘fhios ag Rí na Glóire gur bhreoidh sí mo chroí
Sí lúb na bhFáinní óir í, gur thugas gean go h-óg di,
Is mar a dtiocfaidh sí is mé phósadh sé mo lóistín an chill.
San Tidilí aodh dil éiro, Tidilí aodh dil éiro,
Tidil aodh dil éiró, raics fol di dí
Sí lub na bhfáinni óir í, gur thugas gean go h-óg di
Is mar a dtiocfaidh sí ‘s mé phósadh sé mo lóistín an chill.
A Mháire ná bí id’ óinseach, gaibh go ciúin an bóthar
N’eadar mé dé’n sórt tú, nó an pósta do bhís
Ach thabharfainn féin na móide gur maighdean ar siúl fós tú.
Is mar a dtiocfaidh tú is mé phósadh sé mo lóistín an chill.
A bhacaigh bhuí na léige, léig dod’ Ráite béil dom
Faigh-se do bhean duit fhéineach a ghéillfidh dod’ shlí
Cuir dhá mhála ‘s téad uirthi anuas ar ceann a chéile,
Seasamh fada réidh léi go doras gach aon tí.
Más bacach buí mé féineach is eol dom siúl go héadrom
Níl baile mór in Éirinn ná tógfadh mo chíos
Ó Chorcaigh go Binn Eadair, ‘s go Baile Atha Cliath na dtéarmaí,
Baile Nua an Aonaigh is Béal an Atha Bhuí.
Is gairid dúinn an Samhradh, ní bheadh orainn an t-angar
Gheobhaimid prátaí ramhra, leamhnacht is im,
Clóca de’n bhfaisean gallda, bhí ar chailínibh sa tsean-reacht,
Bróga deasa gallda ‘s gan amhras stocaí.
Is gairid dúinn an t-aonach, go ragham ag ceannach éadaigh,
Gheobhad brannda craorach, daor-phuins is fíon.
Paidreacha na hÉireann, sna sailm agam dá léamh dóibh
Is ag deire gach veársa sea éileod mo chíos.
Do chuireas mo lámh im phóca, ní bhfuair mé ann ach feoirling,
Thugas do bhean an ósd’ é mar chúnamh chun na dí.
Chuir sí in a póca é, shíl gur giní óir é.
Bhogamar an bóthar ‘snach treorach d’imíos.