Ar Éirinn Ní Neosfainn Cé hÍ

Aréir is mé téarnadh ar neoin
Ar an taobh eile den teora seo thíos
Do thaobhnaigh an spéirbhean im' chomhair
D'fhág taomanach breoite lag sinn
Do ghéilleas dá méin is dá cló
Dá béal tanaí beo-mhilis binn
Do léimeas fé dhéin dul 'na comhair
'S ar Éirinn ní neosfainn cé hí


Tá spéir-bhruinneall mhaorga dheas óg
Ar an taobh eile den teora ina mbím
 Tá féile agus daonnacht as meon
'S deiseacht ró-mhór sa mnaoí
Tá folt léi ag titim go féar
Go cócanach ómarach buí
Tá lasadh ina leacain mar rós
'S ar Éirinn ní neosfainn cé hí


Dá ngéilleadh an spéirbhean dom ghlór
Is iad ráite mo bheoil do bheith-fíor
Go deimhin duit go ndéanfainn mo ghnó
A léir-chur i gcóir is i gcrích
Léifinnse léir stair dom stór
'S ba mhéin liom í phógadh óm chroí
Do bhéarfainn an chraobh dhi 'na dóid
'S ar Éirinn ní neosfainn cé hí.


A ghrá ghil bí páirteach liom féin
'S go háirithe dá mb'fhéidir liom scríobh
Bheinn ag gáire le bán-chnis na gcraobh
Dá bhfaighinn áirithe ó éinne cé hí
Níl a cairde ró-shásta liom féin
Chun áras a dhéanamh ná tíos
Ach  má tá sí d'réir ráite do bhéil
Ní náir duit a léamh dúinn cé hí.


A Bhrúnaigh, a fhir mhúinte gan cháim
Cárbh ionadh liom stráille gan  chrích
Seachas réic a bheadh tabhartha do mhná
 A mbeadh náire air a chás a chur síos
Seachas údar a shiúlaigh a lán
A bhfuil ó bhailte na tuaithe go Portlaoise
A bheith ag teacht ag tabhairt cuntais im' ghrá
'S ar m'iomchrach ná neosfainn cé hí.

Taifeadtaí

  • Amhráin Aneas, Gael Linn; 2007 – Nioclás Tóibín
  • Rinn na nGael, Cló Iar-Chonnachta; 1999 – Nioclás Tóibín
  • Cois Mara Thoir sa Rinn – Liam Clancy

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Ceangal le %s

This site uses Akismet to reduce spam. Learn how your comment data is processed.

Molann %d blagálaí é seo: