Cailíní Sheáin Uí Chuilleanáin

(ó bhéal-aithris Phádraig de Faoite, an tSeana-Chill, Rinn Ua gCuanach)
 
 
 
Ó, do bhíos-sa lá cois tine ’stigh,
ó, is mo ghloine agam ’s mo chrúnáin dí,
mar do thóg sé ceo ar m’inínn
a dh’fhág mé go trom am’ luí.
Ó, guím achainí báis ar dhuine éigint
Nár tháinig is mé thabhairt ón dí;
Fad a chuas fí chlár na himeartha
’s gach pingin dá raibh ann a dhíol.
 
’Gus ba mhaith liom mug maith saghdar
bheadh lán chugham go breá ar bord, 
’gus ba mhaith liom crannaíl phípe,
ó, bheadh líonta dhe chrannaíl cheoil.
Ba mhaith liom seal san oíche
nuair a bheinn sínte lem’ mhíle stór,
’gus níor mhaith liom caille thai(bh)seach
Ná rinncfeadh nuair a gheobhadh sí ceol.
 
’Gus anois thá’n sp’rán trom so ’mithe uaim
’s nín pingin agam anois le n-ól,
Is thá’n píopán fada réidh seo
Á thraochaint age’n osnaíl mhór.
Ó, mar braon ní raghadh im’ bhéal de
nó go gcasfaí mo dhiomá brúin,
’gus a mhaise plúr ban Éireann;
in úr ndéidh-se ní mhairfead beo.
 
’Gus aríst ó thráigh mo phóca
nín pingin agam ’nois le díol.
Ach dá líonfá cart den machine dhom,
ó, go gcasfar mé sa ród aríst.
Ó, ’pon me word ní thuigeann tú
Mar thá cuileachta nach meabhar leo suí.
Bí ar siúl is fág mé, a ghliogaire,
mar thá’n tuille romhat sa tsruthán buí.
 
Ar mo ghabháilt trí Shráid a’ Mhuillinn dom
bhí pilliliú ’gus céad am’ chomhair
’ge cailíní Sheáin Uí Chuilleanáin
’gus níor mhiste leo súd méid mo bhróin.
Ach anois ó chráigh a’ donas mé
Is go bfuil boineannaigh chún saor le móin,
nuair a raghad go Cúigí Chonnachta
gheobhad bruinneall ann is míle póg.

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Ceangal le %s

This site uses Akismet to reduce spam. Learn how your comment data is processed.

Molann %d blagálaí é seo: