Cáit Ní Fhloinn

(ó bhéal aithris Phádraig de Faoite, An tSeana-Chill, Rinn Ua gCuanach)
Fonn – An Spealadóir
 
 
 
Agus a Cháit Ní Fhloinn do mheallais mé le ráite do bhéal
Gheall tú páirc is paiste dhom de bharr mín réidh,
Ach ní raibh agat nach ac(a)ra, ó, dhe mhúinteán báite bascatha
’gus buachaill bhí ró-sheasamhach ná barr dho saol.
 
Portaireacht…
’S ní raibh agat nach ac(a)ra, ó, dhe mhúinteán báite bascatha
’gus buachaill a bhí ró-sheasamhach ná barr dho saol.
 
 
 
Fuair mé speal in Sasana agus crann sa nGréig
Cloch is cláir is gaineamh air óm’ dhúithí fhéin
’gus a’ faobhar a chuirfinn ar maidin suas sheasódh sé rioth na seachtaine
’s is bearrtha bhíodh a’ t-ac(a)ra le héirí an lae.
 
Portaireacht…
’s a’ faobhar a chuirfinn ar maidin suas sheasódh sé rioth na seachtaine
’s is bearrtha bhíodh a’ t-ac(a)ra le héirí an lae.
 
 
 
Ó, leagas-sa mo chrann i dteannta an fhéir,
’S an spealín cneasta í nár cham riamh do bhéal.
Ó, ’s mo mhúirnín bhí ar bharr a’ chré a d’iarraidh é chuir trí (chuirim?) ghlas
’s óm’ chroí go gcuirfinn giorraithe ar fán chun sléibhe.
 
Portaireacht…
Ó, ’s mo mhúirnín bhí ar bharr a’ chré, ó, a d’iarraidh é chuir trí (chuirim?) ghlas
’s óm’ chroí go gcuirfinn giorraithe ar fán chun sléibhe.

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Ceangal le %s

This site uses Akismet to reduce spam. Learn how your comment data is processed.

Molann %d blagálaí é seo: