Má phósann tusa an t-iascaire
Beidh agat gan aon fhear,
'S a mhúirnín dílis, Eibhlín Ó,
Tógfaidh sé a sheolta maidin Dé h-Aoine
Is má éiríonn stoirm ní chasfaidh sé choiche!
Céad fearra dhuit se mise
'gus an ceol atá sa phíb agam
'S a Mhúirnín dílis, Eibhlín Ó!
Má phósann tusa an feirmeoir
Beidh agat gan aon fhear,
'S a mhúirnín dílis, Eibhlín Ó,
Cuirfidh sé amach tú pá mór gaoithe
Ag crú na mbó nó ag staitheadh puirseach bhuí dhe
Céad fearra dhuit se mise
'gus an ceol atá sa phíb agam
'S a Mhúirnín dílis, Eibhlín Ó!
Ach má phósann tusa an píobaire
Beidh agat do rí-fhear!
'S a mhuirnín dílis, Eibhlín Ó!
Imreoidh sé port duit ar iompair na réalaí
A thógfaidh an ceo is an brói suas ded intinn
Cuirfidh sé in óige tú in áit a bheith in aois duit!
'S a Mhúirnín dílis, Eibhlín Ó!