A' bhfaca tú mo Shéamaisín
Mo mhaicín óg, mo bhuachaillín?
A' bhfaca tú mo Shéamaisín
Is é 'dhul síos a' bóthar?
Curfá:
Buachaill deas é mo Shéamaisín,
Buachaill deas é mo Shéamaisín,
Buachaill deas é mo Shéamaisín,
Is gear go mbeidh sé pósta!
Níl bróg ar bith ar a dhá choisín
Ar a dhá choisín, ar a dhá choisín.
Níl bróg ar bith ar a dhá choisín
Ná hata air ná clóca.
A' dhul ar scoil tá Séamaisín
Mo mhaicín óg, mo bhuachaillín.
A' dhul ar scoil tá Séamaisín
'S a leabhairín bui 'na phóca.
Ar a dhroim tá máilín beag
Tá máilín beag, tá máilín beag.
Ar a dhroim tá máilín beag
'S a lóinín ann is dócha.