Éiníní

Éiníní, a chroí 'stigh, codlaígí fén droighneach, 
Ní baol díbh aon díth 'nocht, an cat buí ná a hál. 
Ní baol ná an síofra cois leasa na luí dhó, 
Ná an dobharchúthá cíocrach thíos ar an dtráigh. 

Curfá: Codlaígí, éiníní, smóilíní, céirsíní, 
Codlaígí éiníní sa chlaí 'muigh go sámh, 
Codlaígí éiníní, smóilíní, druidíní, 
Codlaígí dá bhrí sin, codlaígí go lá. 

Éiníní a chroí stigh, codlaígí fén droighneach, 
Ní baol daoibh na daoine thá 'na gcodladh go sámh. 
Ní baol ná aon draoireacht agus mise bhur gcoimhdeacht. 
Codlaígí dá bhrí sin, codlaígí go sámh.

Freagra

Ní fhoilseofar do sheoladh ríomhphoist. Feicfidh tú an comhartha * le hais gach réimse atá riachtanach

This site uses Akismet to reduce spam. Learn how your comment data is processed.