Iníon an Fhaoit ón nGleann (Leagan 2)

(ó bhéal aithris Phádraig de Faoite, an tSeana-Chill, Rinn Ua gCuanach)
 
 
 
Ó, ’gus maidin cheoch nuair a dh’éiríos
Is do ghabhas amach sna coilltí,
Ó, ansúd ’sea bhuail an treighid mé
ná leighisfar fóiríl;
Nuair a dhearcas an bhruinneall mheidhreach
I lúb na coille ag éisteacht,
’s ar ndói’ phreab mo chroí le greidhin di
gur dea-bhean dom í.
 
Ó, ’gus siúil, a chuid, bí ag gluaiseacht,
Gan stáir, gan stad, gan fuaradh,
Mar thá’n oíche ghairid shamhradh
’gus beam araon ar siúl,
Mar a bhfaighimid radharc ar chuanta
Ceol aoi(bh)nnis ’gus bailtí móra,
Ó, is mo chroí nach mór mar is dlúth é
’s ní dh’áirínnse mé bheith tinn.
 
Ó, ’gus thíos age Móin a’ Ráithe
’sea chúnaíonn sí, mo ghrá-sa.
’S í an chuaichín mhilis bhláthmhar í
Bfuil a píb mar eal’ ar linn;
Mar is binne liom í ná’n chláirseach
’S ná na céadta cruit is breátha,
Ó, chun síneadh lena bán-chnis, (nó – Chun póg agus míle grá uaithi)
a Iníon an Fhaoit ón nGleann.
 
’Gus dá mbeinnse lá breá gréine,
ó, am’ shuí ar bhinn a tsléibhe ’muigh;
Go mbeadh an londubh is an chéirseach
a’ sinniúint as mo cheann.
Nach deas do scrífinnse bhéarsa
is ar ndói’ nach ró-bhreá ’ léifinn
Dá mbeadh sí suite taobh liom;
Iníon an Fhaoit ón nGleann.
 
Ó, ’s do shiúlfainnse cnoic is sléibhte,
Coillte, cnoic is réití,
Agus réithinnse gach scéal duit,
ó, ab fhéidir-e é, a riúin.
Ach dá bhfaighfaí sinn lena chéilí,
ó, plé le cúrsaí an tsaoil seo,
Do réithinn fhéin ó bhaol tú,
’ Iníon an Fhaoit ón nGleann.

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Ceangal le %s

This site uses Akismet to reduce spam. Learn how your comment data is processed.

Molann %d blagálaí é seo: