Tá na Francaigh ag teacht thar sáile arsa an tseanbhean bhocht
Tá na Francaigh ag teacht thar sáile arsa an tseanbhean bhocht
Táid ag teacht le soilse an ré, bead anseo le fáinne an lae
‘Is beidh ár naimhde cráite tréith arsa an tseanbhean bhocht.
‘Is cá mbeidh cruinniú na féinne arsa an tseanbhean bhocht
‘Is cá mbeidh cruinniú na féinne arsa an tseanbhean bhocht
Thíos ar bhánta leathan réidh cois Cill Dara ghrámhar shéimh
Pící glana is claoimhte faoghair arsa an tseanbhean bhocht.
‘Is an bhfaighimíd fós ár saoirse arsa an tseanbhean bhocht
‘Is an bhfaighimíd fós ár saoirse arsa an tseanbhean bhocht
Beimíd saor ó bhun go craobh, beimíd saor ó thaobh go taobh
Saor go deo le cabhair na naomh, arsa an tseanbhean bhocht.